School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 82

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 82

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 82
  3. XML “Ball Dearg Ó Dhomhnaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    achchuinge. Dubhairt sé gur mhaith leis bó agus gamhain a bheith aige as coinne gach réalt dá rabh sa spéir. Dubhairt an dara fear gur mhaith leis capll agus searrach a bheith aige as coinne gach réalt dá rabh sa spéir. Dubhairt Ball Dearg gur mhaith leis saighdiúr agus oifigeach saighdiúir a bheith aige as coinne gach réalt dá rabh sa spéir.
    Nuair a chuaidh na gásúraí 'un toighe an oidhche sin d'innis siad do'n athair fá'n chuideachta a bhí acu agus an rud a dubhairt Ball Dearg. Thainic fearg ar an athair nuair a chualaidh sé goidé a dubhairt Ball Dearg. D'innis sé do na bhean é agus d'iarr sí air é a chur go h-Éirinn go muirbhfidhe é. Scríobh an maighistir litir dó agus sé an rud a bhí sa litir an gásúr a mharbhadh nuair a thiocfadh sé i dtír i n-Éirinn.
    D;imthigh Ball Dearg leis go h-Éirinn agus nuair a bhí sé fá ghiota do'n teach ar cuireadh ann é, casadh fear beah ribeach ruadh air agus dubhairt sé "an tusa giolla ag iomchar na cróiche?" Dubhairt Ball Dearg nach rabh fhios aige. Chuir an fear beag ribeach ruadh ceist air an rabh litir ar bith leis agus dubhairt an gásúr go raibh. D'iarr an fear an litir air agus thug. Scríobh an fear beag ribeach ruadh litir úr dó agus sé an rud a bhí sa litir sin, foghluim bliadhna a thabhairt dó ar an scoil a b'fhearr i nDoire agus...
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micheal Ó Baoighill
    Gender
    Male
    Age
    43
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal