School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 8

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 8

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 8
  3. XML “An Coileach, an Cat agus an Dréimire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí go maith is ní raibh go h-olc. Thug an dara fear leis an cat agus níor stad sé gur shroich sé an baile mhór. Bhí an oidhche ann nuair a thainic sé fhas leis an bhaile mhór. Chuaidh sé ar loistín i dteach a bhí ag coirneál na sráide. Bhí an teach lán luchóg agus thoisigh an cat agus mharbhuigh sé gach ceann ariamh acu. Thairg fear an toighe airgead mór dó ar an chat agus thug an dara fear an cat dó ar dheich bpunnta. D'imthigh sé na bhaile agus é bréagh sásta leis féin. Nuair a chualaidh an mac a b'óige an sgéal dubhairt sé go ndíolfadh sé féin an dréimire. Chuir sé an dréimire ar a ghualainn agus thug sé a aghaidh ar an bhaile mhór. Ach níor thairg duine ar bith pighinn ar an dréimire. Bhí an oidhche ag teacht agus ní raibh pighinn aige le díol ar son lóistín na h-oidhche. Bhí an fear bocht i gcruadh-chás. Nuair a bhi an oidhche dhubh dhorcha ann thainic triúr fear fhad leis. D'iarr an fir air ghabhail leo agus go dtabharfadh siad luath a shaothair dó. Chuaidh an mac a b'óige leo. D'imthigh an cheathrar acu leo go dtí caisleán áluinn a bhí i lár an bhaile mhóir. Chuir siad an dréimire suas leis an chaisleán an áit a raibh fuinneog agus chuiadh siad isteach sa chaisleán agus thug siad leo ór agus airgead. Fuair an mac a b'óige mála de'n ór agus d'imthigh sé na bhaile agus é bréagh sásta leis féin. Ach bhí droch-ádh air féin agus ar an ór. Thoisigh sé féin agus an bheirt eile a throid agus marbhadh é. Annsin thainic lucht an dlighidh agus thug siad leo an t-ór.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1650: The Three Lucky Brothers
    Language
    Irish
    Informant
    Éamonn Mac Ruaidhrigh
    Gender
    Male
    Age
    38
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal