School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 69

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 69

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 69
  3. XML “An Gabha agus an Gasúr”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an ríogh gur b'fearr dó ghabháil na bhaile chuig a bhean féin agus go rachadh sise agus a fear féin leis. Ar maidin an láthar na bhárach d'imthigh siad ag tarraingt ar an chaisleán. Nuair a thainic siad go dtí an geafta bhí ingean an ríogh ag fanacht leo. Bhí lúthgháir mhór uirthi a fear féin a bheith léithe araist. Thug sí isteach iad agus thug sí go leor le h-ithe agus le h-ól dóbhtha. An lá na dhiaidh sin d'imthigh an bheirt eile na bhaile agus d'fhan an gasúr ag ingean an ríogh.
    Cupla lá na dhiaidh sin d'imthigh ingean an ríogh agus an gasúr go hÉirinn fá choinne athair an ghasúra. Nuair a shroich siad teach an ghabha bhí an tráthnóna ann. Chuaidh siad isteach agus chuir an gabha ceist ortha caidé a bhí a d'ith ortha. Dubhairt siad-san go rabh lóistín na h-oidhche a dhíth ortha. Ní rabh fhios ag an ghabha cé a bhí ann agus thug siad lóistín na h-oidhche dóbhtha. Ar maidin nuair a d'éirigh an gasúr chuaidh an gabha amach agus thug sé isteach uisce chuig an ghasúr le é fhéin a nighe. Annsin chuaidh sé síos 'un tseomra agus thainic sé aníos ar adhá ghlúin thárnocht agus thug sé éadach do'n ghasúr le é fhéin a thriomughadh.
    "An bhfuil cuimhne agat ar an lá a thainic an t-éan isteach annseo agus nuair a d'innis mé duit caidé dubhairt an t-éan chaith tú amach san fhairrge mé" arsa an ghasúr. "Má's maith sin, atá" ars an gabha "is tú mo mhac-sa agus bhí lúthgháir mhór
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0517: The Boy who Learned Many Things
    Language
    Irish
    Informant
    Searlus Ó Dubhthaigh
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Anagaire, Co. Donegal