School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 66

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 66

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 66
  3. XML “An Gabha agus an Gasúr”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    araist agus thainic na préacháin araist agus thainic an chearc fosta. Thoisigh an chearc agus an coileach a throid fá'n éan óg. Dubhairt an chearc gur léithe-se é agus dubhairt an coileach gur leisean é. Dubhairt an chuid eile de na préacháin go bhfágfadh siad ag rígh na Sasana é le socrughadh.
    D'imthigh na préacháin arais go Sasain. Achan lá nuair a d'éirigheadh rí amach bhíod na préacháin uilig cruinnighthe fá dtaobh de agus ní rabh fhios aige cá tuighe. Chuir sé ar na páipéir go dtabharfadh sé aingean le pósadh go mbéadh sé na rí. Nuair a gheobhadh seisean bád. Do fhear ar bith a d'innseochadh dó cá tuighe a rabh na préacháin uilig na diaidh.
    Bhí an gabha ag fagháil na bpáipéar agus nuair a léigh sé an scéal fá na bpreacháin chuir sé ceist ar an ghasúr an dtiocfadh leisean sin a innse. "Thiofadh liom" ars' an gasúr, "bhál" ars' an gabha "rachaidh mise agus tusa go caisleán an ríogh i márach agus thug leat do scéal a innse do'n ríogh. "Ó ní thiocfadh liom-sa, mac gabha bocht as Éirinn, ingean ríogh a phósadh" arsa an gasúr. "Gheobhaidh mise culaith éadaigh duit" ars' an gabha "agus béidh tú comh deas le duine ar bith a bhéas annsin".
    Ar maidin an lá thar na bhárach d'imthigh an fear agus an gasúr go luath go dtí an caisleán. Bhí cuid mhór daoine cruinn thart ar an chaisleán. Bhí achan duine ag innse a sgéil féin ach ní rabh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0517: The Boy who Learned Many Things
    Language
    Irish
    Informant
    Searlus Ó Dubhthaigh
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Anagaire, Co. Donegal