School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 62

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 62

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 62
  3. XML “Mac an Iascaire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    éadach geal amuigh ar charraic a bhí taobh thall de'n doras agus chuir sí moll blátha thart fá dtaoibh de. Níor bhfada fur mhothuigh siad chuca an fathach. Bhuail sí mac an iascaire le slait dhraoidheachta agus rinn sí ciaróg de.
    Thainic an fathach isteach agus chuir ceist cad chuige a rabh an t-éadach agus na blátha ar an charraic. Dubhairt an bhean ghlas gur shíl sí gur sin an áit a rabh a chroidhe. "Ní sin an áit a bhfuil mo chroidhe ar a chor ar bith" arsa an fathach "ach istigh faoi'n chrann". An lá thar na bhárach bhí sí amuigh ag cur blátha ar an chrann. Bhí mac an iascaire ag siubhal thart fá'n chaisleán. Bhí fhios ag an bhean ghlas go n-innseochadh sé an fhírinne an tríomhadh uair agus dá bhfuigheadh sí amach cá rabh a chroidhe go mbéadh sí féin agus mac an iascaire ábalta a mharbhadh.
    Ins an oidhche rinn an bhean ghlas ciaróg de mhac an iascaire agus bhí sé ag gabháil thart fá chlúdaigh na mónadh go maidin. Ar maidin thiocfadh sé ina chruth fhéin aríst. Nuair a thainic an fathach na bhaile agus chonnaic sé na blátha thart fá'n chrann dar leis go n-innseochadh sé an fhírinne díthe, nach raibh sí le dochar ar bith dhéanamh dó agus nach mbéadh sé ag tabhairt trioblóide díthe.
    Dubhairt sé léithe an áit a rabh a chroidhe-se nach mbéadh sé abalta blátha ar bith a chur thart air. Dubhairt sé go rabh préachán ins an chrann a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    Language
    Irish
    Informant
    Micí Mac Pháidín
    Other names
    Micí Mac Pháidín
    Micí (Paidí) Mac Pháidín (local name)
    Gender
    Male
    Age
    73
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal