School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 57

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 57

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 57
  3. XML “Iarla Inis Eoghain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    i gcois na teineadh agus dubhairt sé go rabh sé ag dul go Meirioca. Ar maidin la ar na bhárach rinn sé réidh agus d'imthigh sé. Nuair a bhí sé tamall ins an tír sin bhuail sé suas le inghin Iarla a bhí ann agus bhí an bheirt acu le pósadh.
    Dubhairt an t-athair leis an chailín nach leigfeadh sé díthe é phósadh go bhfeiceadh sé caidé an méid saidhbhris a bhí aige san bhaile. D'iarr sé ar fhear de na deirbhisigh imtheacht go h-Éirinn go bhfeiceadh sé caidé an cineal áite a bhí aige. Rinn an seirbhiseach réidh agus d'imthigh sé.
    Nuair a shroich sé Innis Eoghain d'fhiafruigh sé cá rabh rteach IArla Innis Eoghain. Thaisbeán siad bothóg fo amuigh ins an choadhran agus chuiadh sé fhad leis an bhóthóig sin. Chuaidh sé isteach agus shuidh sé ar chliabh a bhí thíos i gcionn an toighe. Chuir an tsean bhean ceist air an rabhocras air agus dubhairt sé nach rabh ach mar sin fhéin dá mbéadh rud beag bídh aige go n-íosadh sé é. Chrom sí siar faoin leabaidh agus thug sí aniar cupla préata agus chaith sí sa teinidh iad. Nuair a bhí siad rósta ghlan sí le na naprun an luaith díobhtha.
    Annsin thug sí anonn 'un tábla iad agus ghearr sí iad le cois spanóige. D'iarr sí air suidhe anonn agus a chuid a dheanamh. Fhad is bhí sé ag déanamh a dhinneára bhí gabhar ceanglaidh do chois an tábla agus é ag goid na bpreataí uaidh. Nuair a bhí a dhinnear déanta aige chuaidh sé amach a nighe a lámha...
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Informant
    Iseabal Ní Duibheannaigh
    Gender
    Female
    Age
    45
    Address
    Doire na Mainséar, Co. Donegal