School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 54

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 54

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 54
  3. XML “Scéal Fathaigh”
  4. XML “Mór na Scamall”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    spéir a mharbhad. Dubhairt sé leis an ghaduidhe go gcaithfeadh sé imtheacht agus cailín a bhí goidte ag fathach a thabhairt uaidh.
    D'imthigh siad agus thug siad leo bád agus chuaidh siad go dtí an teach a rabh an cailín ann. Chuaidh an gaduidhe isteach agus ghoid sé an cailín. Nuair a bhí siad amuigh i lár na fairrge chonnaic said an fathach agus é ag cur bladhairí teineadh amach ar a bhéal. Scaoil fear an gunna leis agus mharbhuigh sé é. Nuair a thainic siad go dtí an chladach bhí cuid mhór daoine istigh ar an chéidh. Thug an t-athair an cailín do'n ghaduidhe le pósadh.
    Anna Ní Bhaoighill Aois 38 bliadhain
    Rann na Feirsde
    ----------------
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí Mór na Scamall in a ingean ag an Ghréin agus bhí sé comh bródamhail sin as a geinealach agus nach bpósadh sí fear ar bith ach Lir agus d'éirigh said aníos comh mór urranta agus go bhfáadh siad órdlach sa n-oidhche agus órdlach eile sa lá. Dá réir mar bhí siad ag éirighe mór bhí Mór ag éirigh ní ba bhródamhla asta ná shíl sí nach rabh...
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Informant
    Seosamh Ó Breathnaigh
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    Anagaire, Co. Donegal