School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 53

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 53

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 53
  3. XML “Scéal Fathaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    toilteanach sin a dhéanamh agus chuaidh sé leis.
    D'imthigh an bheirt eile leo annsin. Nuair a bhí giota mhaith shiubhalta aige casadh fear eile ortha. Chuir sé ceist ortha caidé an tuarastal a bhí d'ith ortha. Dubhairt fear acu gur fiche punnta agus culaith éadaigh. Dubhairt sé nach dtabharfadh sé sin dó ach go dtabharfadh sé deich bpunnta agus culaith éadaigh dó agus go ndéanfadh sé an saor-adhmaid [?] a bfhearr a bhí ag gabhail an bealach.
    D'imthigh an fear eile leis annsin. Nuair a bhí giota siubhalta aige casadh fear de. Chuir sé ceist air cá rabh sé ag gabhail. Annsin chuir sé ceist cé an tuarastal a bhí dhith air. Dubhairt an fear nach dtabharfadh sé sin dó ach go dtabharfadh sé deich bpunnta agus culaith éadaigh agus go ndéanfadh sé an gaduidhe de a b'fhearr a bhí ag gabhail an bealach.
    Nuair a bhí a bhfastódh istigh acu thainic siad na bhaile chuig a n-athair agus thug siad an t-airgead só. Chuir sé ceist ortha an rabh ceird ar bith fohglumtha acu. Dubhairt siad go rabh. D'iarr sé ar an tsaor adhmaid a ghabhail amach agus caisleán a dhéanamh ins an chrann. D'iarr sé ar an ghaduidhe an ubh a ghoid as faoi an phreáchan agus gan an préachán é a mhochtail. D'iarr sé ar fhear an ghunna an t-éan a ba ghaiste ins an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Informant
    Anna Ní Bhaoighill
    Gender
    Female
    Age
    38
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal