School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 49

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 49

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 49
  3. XML “Peadar Óg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhí an fear istigh rompa. Níor innis siad do dhuine ar bith caidé a chonnaic siad ach bhí siad ag rádh nach mbéadh an fear saoghalach. Nuair a bhí an fear sé mhí pósta chaill fear muinnteartha dó bó. Bhí an bó ar an aonach aige agus goideadh í. Chualaidh sé cé ghoid í.
    Oidhche amháin thainic sé féin agus cúigear eile fear isteach chuig an fhear seo agus d'innis sé dó cá rabh sé ag gabháil. D'iarr sé ar an fhear a bheith leis. Ní rabh a mháthair ná a bhean sásta é leigint. Ach fá dheireadh d'imthigh siad. Bhí acu le ghabhail giota fada ach ní rabh eagla ortha nach bhfuigheadh siad an bhó. Shuibhail siad leo. Bhí teach ar a mbealach a rabh ceathrar dearbhrathach agus deirbhshiúr na gcomhnuidhe ann. Bhí na stócaigh seo go h-olc do chuid de na daoine cionnus iad a bheith ag déanamh póitín. Bhí eagla ortha nuair a bhí siad ag gabhail thart leis an teach seo.
    Casadh fear eile ortha agus d'fhiafruigh sé daobhtha cá h-áit a rabh siad ag gabhail. D'innis na fir dó cá rabh siad ag gabhail ah d'iarr siad air gan innse do na dearbhrathaireacha gur casadh air iad. Dubhairt an fear nach n-innseochadh sé do dhuine ar bith é. Dubhairt sí go rabh baisteadh ag gabháil ar aghaidh ins an teach a rabh siad ag gabháil ann. Dubhairt siad gur chuma leo, nach rabh siad ag gabhail isteach.
    Nuair a chuaidh siad fhad leis an teach sin bhí callán agus gáiridhe agus cuideachta le cluinstin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Niall Ó Domhnaill
    Gender
    Male
    Age
    82
    Address
    Doire na Mainséar, Co. Donegal