School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 48

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 48

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 48
  3. XML “Peadar Óg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fad ó shoin agus ní rabh aige ach é féin. Bhí achan duine ag iarraidh air pósadh agus fá dheireadh dubhairt sé go bpósadh sé. Chuir sé sgéala chuig fear muinteartha dó ag iarraidh air a theacht chuige go rabh gnaithe aige leis. Thainic an fear eile chuige agus d'iarr an fear air a bheith leis go rabh sé ag gabhail a iarraidh mná.
    Rinn siad réidh agus d'imthigh an bheirt an oidhche sin. Chuaidh siad fhad le teach a rabh triúr cailín ann. Nuair a bhí siad tamall istigh d'innis an fear caidé a ngaithe. Thug an fear amach buideal an uisce bheatha agus roinn sé é. Chuaidh cupla duine amach a thabhairt cutha do na daoine na dála. Chruinnigh cuid de sheandaoine na comharsain isteach. Rinn siad amach go bpósfaidhe an lánamhainan Satharn na diaidh sin. Pósadh iad an Satharn sin agus bhí bainfhéis mhór ann.
    Bhí cuid de na daoine ag déanamh póitín that fá'n áit. Bhí triúr fer ag déanamh póitín iongantach maith. Chuaidh beirt fhear de chuid na bainse chuig na fir seo fa choinne póitín. Bhí acu le ghabháil na gcnoc. Nuair a bhí siad i lár na gcnoc chonnaic siad an fear a phósadh an mhaidin sin na sheasamh fá ghiota díobhtha. Thud siad iarraidh labhairt leis ach d'imthigh sé mar shlugfadh an talamh é. Scannruigh na fir agus choisrioc siad iad féin.
    Nuair a chuaidh siad go teach na bainse
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Niall Ó Domhnaill
    Gender
    Male
    Age
    82
    Address
    Doire na Mainséar, Co. Donegal