School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 44

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 44

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 44
  3. XML “Iníon an Fhir Uasail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé isteach. Níor aithin a mháthair fein é agus níor innis sé ciarbh'é . D'fhiafhruigh sé an bhfuigheadh sé loistín dubhairt an bhean go bhfuigheadh. Fuair sé a chuid tae agus chuaidh sé a luighe. Nuair a chuaidh na mná isteach go teach na dála d'innis siad caidé an chineal stócaigh a casadh ortha agus d'innis siad c'ainm thug sé ar an rud a bhí leis.
    D'imthigh ingean an fhir uasail amach agus chuaidh sé go teach an ghárrantóra. D'fhiafruigh sí de fhear an toighe an dtainic stroinnseár ar bith chuca. Dubhairt an bhean go dtainic agus chuir an cailín ceist uirthi an dtiocfadh léithe é a fheiceail. Dubhairt an bhean go rabh sé na luighe agus thaisbean sí an seomra don chailín. Chuaidh an cailín isteach 'un tseomra agus nuair a chonnaic sí an stócach d'aithin sí é. Bhí lúthgháir mhór uirthi agus nuair a chualaidh an mháthair cé a bhí ann shnaidhm sí í féin ins an stócach.
    Dubhairt an cailín leis an stócach go rabh sí le pósadh an lá thar na bhárach ach nach bpósadh sí é anois. D'iarr an stócach uirthi ghabhail síos chuig na h-athair agus a rádh go rabh bosca aici agus eochair agus glas dó a rádh gur chaill sí an eochair agus gur cheannuigh sí eochair úr. D'iarr sé uirthi a rádh go bhfuair sí an tsean eochair an tráthnóna sin. D'iarr sé uirthi ceist a chur ar a h-athair cé acu c'fhearr an tsean eochair ná an eochair úr.
    Chuaidh an cailín na bhaile agus nuair a bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micheal Ó Baoighill
    Gender
    Male
    Age
    43
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal