School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 43

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 43

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 43
  3. XML “Iníon an Fhir Uasail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leis. D'innis sé an sgéal díthe ó thús go deireadh agus bhí sise iongantach buadhartha. D'fhág sí slán aige ag an scoil agus d'imthigh seisean leis.
    Chuaidh sé go Béal Feirsde agus chuaidh sé a dh'obair ag fear a bhí ag déanamh bádaí. Fá dheireadh d'imthigh sé i gceann de badaí seo go tír choimhthigheach. Chaith sé dhá bliain déag ins an tír seo. Lá amháin smaoitigh sé go rachadh sé na bhaile go Conndae Aontroma. D'imthigh sé leis agus bhí bád mór réidh le h-imtheacht go h-Éirinn. Chuaidh sé ar bhórd na luinge agus d'imthigh an long.
    Thainic sé isteach i mBéal-Feirsde. Shiubhail sé leis go dtí go rabh sé fá ghiota de'n bhaile. Chonnaic sé cuid mhór daoine ag teacht go teach an fhir-uasail. Bhí ingean an ríogh le pósadh an lá ar ná bhárach agus bhí dáil ag gabhail ar aghaidh sa teach. Ní rabh fhios ag an stócach caidé a bhí contrálta.
    Casadh triúr ban air agus d'fhiafruigh sé díobhtha caidé a bhí contralta agus d'innis siad sin dó. Bhí sgáth-fearthanna leis. Ní fhacaidh duine ar bith i n-Éirinn sgáth-fearthanna ariamh agus bhí iongantas mór ar na mná seo. D'fhiafruigh bean acu caidé an cineal rud é sin a bhí leis. Thug sé ainm eile air. D'fhiafruigh sé díobhtha an rabh an gárrantóir ag congbhailt loisteóirí ar fad. Dubhairt siad-san go rabh. Níor aithin na mná é ar chor ar bith.
    D'imthigh sé suas go teach an ghárrantóir agus chuaidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micheal Ó Baoighill
    Gender
    Male
    Age
    43
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal