School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 39

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 39

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 39
  3. XML “Iníon an Rí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    gur mharbh sí é. Dubhairt a h-athair go rabh sin fíor. D'fhiafruigh sí de an dtiocfadh leis an dligheadh a chur uirthi. Dubhairt seisean nach dtiocfadh mar go dtug sí a luath dó. Dubhairt sise go dtug an stócach a trom féin óir ar an bhean agus mar sin de gur cheannuigh sé í, Dubhairt an fear go rabh sin fíor fosta. Dubhairt an dlightheóir má bhí sin amhlaidh go gcaithfeadh an fear imtheacht as an chúirt. Bhí an stócach sásta ná bhí sé cinnte go gcrochfaidhe é.
    An oidhche sin chruinnigh iomlán mhuinntir an bhaile mhóir agus chruinnigh siad ádhbhar teineadh le teine mhó a lasadh. Lasadh an teine agus nuair a bhí blaidhaire mór uirthi caitheadh an tsean-bhean agus an ingean agus an captaoin isteach innti agus dóigheadh beo beithidheach iad. Chuaidh an dlightheoir amahc agus chuaidh sé fhad leis an chailín óg. Ní rabh fhios aige gur bean an stóchaigh í a rabh na trí cástaí in a éadan. D'imthigh sé fhéin agus an cailínóg anonn go dtí an teach óstais agus fuair siad a gcuid. Shíl achan dhuine gur fear a bhí innti ach an dlightheoir e féin.
    An oidhche sin nuair a bhí an dlightheoir ag imtheacht dubhairt sise go bfhanochadh sí sa teach óstais go maidin. Ar maidin an lá ar na bhárach chuaidh sí fhad leis an stócach agus dubhairt sí leis go dtearn sí obair mhór dó. Dubhairt seisean go gcrochfaidhe é ach go bé an rud a rinn sí dó. Dubhairt sí leis go mbéadh sé i gcear anois dá bhfuigheadh sé a bhean féin arais. Dubhairt...
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0882: The Wager on the Wife's Chastity
    AT0890: A Pound of Flesh
    Language
    Irish
    Informant
    Micheal Ó Baoighill
    Other names
    Micheal Ó Baoighill
    Micheal (Seán) Ó Baoighill (local name)
    Gender
    Male
    Age
    43
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal