School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 37

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 37

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 37
  3. XML “Iníon an Rí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    d'innseochadh sé díthe caidé an méid cástaí a bhí le socrughadh aige an lá sin agus scríobhadh sise síos iad.
    Oidhche amháin dubhairt sé léithe go rabh trí chás ag teacht an chailín óg. D'innis sé díthe caidé na cástaí a bhí i n-éadan an fhir. Ar maidin lá ar na bhárach nuair a bhí an dlightheóir ag imtheacht d'iarr an cailín óg cead air a bheith leis go teach an dlighe. Dubhairt an dlightheóir go leigfeadh sé leis í mar nár iarr sí cead ariamh go dtí sin.
    Nuair a bhí an dlightheóir réidh ar maidin chuir sise uirthi éadach an fhir a bhéadh ag tiomaint na mbeathach agus thoisigh sí a thiomaint do'n dlightheóir. D'iarr sí ar an stóchach a bhéadh leis an dlightheóir lá saoire a bhieth aige. Shíl na daoine uilig gur fear a bhí innti. Nuair a thainic siad fhad leis an chúirt chuaidh an dlightheóir go teach óstais agus chuaidh sise go dtí an stábla a bhí ag an chúirt. Nuair a chuaidh sí isteach 'un stábla leis na caiple bhí a h-athair istigh roimpi. Níor aithin sé í ach d'aithin sise eisean. Bhí capall mór bán leis agus cuaidh sí anonn fhad leis. D'fhiafruigh sé de an ndíolfadh sé an capall léithe. Dhíol. Indiaidh a cheannacht níor thaitin sé léithe. Mharbh sí é agus fuair sí beirt fear leis an capall a chur díthe. Chuaidh sí anonn go dtí an teach óstais agus fuair siad uilig a ndinneár.
    An lá ar na bhárach chuaidh siad go teach an dlighe. Bhí a h-athair ann agus a fear. Níor aithin...
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0882: The Wager on the Wife's Chastity
    AT0890: A Pound of Flesh
    Language
    Irish
    Informant
    Micheal Ó Baoighill
    Other names
    Micheal Ó Baoighill
    Micheal (Seán) Ó Baoighill (local name)
    Gender
    Male
    Age
    43
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal