School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 30

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 30

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 30
  3. XML “Teann, Teann a Ribe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    é agus bhris sé dhá easna ann. "Cá dtéid sin leat" ar seisean ag léimtigh ar a bheathach agus ag leanstan an chait. Thainic sé go dtí an bhinn chéadna. Thug an cat léim isteach sa bhinn agus d'imthigh an gasúr na dhiaidh. Ní rabh istigh an sean bhean agus í ag cur síos teineadh le na dá fhiacail. Chuir céad míle fáilte agus sláinte roimhe agus d'iarr si air a theacht aníos na teineadh. Dubhairt sé go n-imtheochadh an bheathach air. Thainic sé aníos na teineadh agus chaith an tseanbhean beo air. SCairt sé ar an bheathach cuidiughadh leis an t-sean chailleach a mharbhadh. Thainic an beathach aníos agus thug sé cioc sa ghoile dithe. D'aithin sí go rabh an bás i na h-aice. "Gheobhaidh tú buideal íoc-shláinte ag an teinidh" ar sise. "Cuimil damh é agus gheobhaidh mé biseach". Sin do dhearbhraithear agus a bheathach annsin agus iad na gcarraiceacha cloiche. Buailfidh mé buille de'n tslait draoidheachta ortha agus dhéanfaidh mé beo arais duit iad. "A shean chailleach chaidheach" ar seisean "thig liom-sa mé dhéin iad a dhéanadh beo". Rinn sé a ghoradh agus annsin mharbhuigh sé an tseanbhean. Bheir sé greim ar an slat draoidheachta agus bhuail sé an dá charraic cloiche a bhí ag bun an urláir. D'éirigh sé féin agus an beathach beo beithidheach. D;imthigh siad go dtí teach an chailín annsin. D'amharc sí ar an bheirt agus ní rabh sí ábalta aithne eatorra. "Cé acu fear agaibh a bhí agam ar tús?" ar sise. "Mise" arsa fear acu. "Caithfidh tú mise a phósadh" ar sise. D'fhán an...
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Language
    Irish
    Informant
    Sorcha (Conall) Ní Grianna
    Other names
    Sorcha (Conall) Ní Grianna (local name)
    Sorcha Ní Grianna
    Gender
    Female
    Age
    67
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal