School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tuagh a ghearrfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a ghoid mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhal ní bhfuighidh tú mise" ars an fiadh "go bhfaghaidh tú gadhar a ruaigfeas mé". D'imthigh sé chuig an gadhar. "Cá bhfuil tú ag rgabhail?" ars an gadhar. "Gadhar a ruaigfeadg fiadh, fiadh a shnámhfad uisce, uisce a nighfeadh cloch, cloch a líomhthadh tuagh, tuagh a ghearrfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a d'ith mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhal ní bhfuighidh tú mise" ars an gadhar "go bhfuighidh tú im a chuirfeas mé in mo chrúba". D'imthigh sé chuig an im. "Cá bhfuil tú ag gabhail?" ars an t-im. "Im i gcosa an ghadhair, gadhar a ruiagfeas fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a nighfeadh cloch, cloch a líomhthadh tuagh, tuagh a ghearfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a ghoid mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhal ní bhfuighidh tú mise" ars an t-im "go bhfuighidh tú cat a lighfeas mé". D'imthigh sé chuig an chat. "Cá bhfuil tú ag gabhail?" ars an cat. "Cat a lighfeadh im, im i gcosa an ghadhair, gadhar a ruaigfeas fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a nighfeadh cloch, cloch a líomhthadh tuagh, tuagh a ghearfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a ghoid mo chuid sugh-craoibh aréir". X "Bhal ní bhfuighidh tú mise" ars an cat "go bhfuighidh tú bainne ó bhó domh". D'imthigh sé chuig an bhó. "Cá bhfuil tú ag gabhail?" ars an bhó. "Bainne do'n chat, cat a lighfeadh im, im i gcosa an ghadhair, gadhar a ruaigfeas fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a nighfeadh cloch, cloch a líomhthadh tuagh, tuagh a ghearfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a ghoid mo chuid sugh-craoibh aréir".(continues on next page)
- Informant
- Proinnsias Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal