School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 22
- XML “Bean an Fhir Rua”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)airm an Rígh isteach ar fud clach is fuinneóg ortha. Ní rabh siad-san i bhfad a gcur ar fagháil. Chuir siad an fear bán i nglais agus thug leo gaibhte na príosúin é. Nuair a thainic an dligheadh fuair sé trí mhí i bpríosuin as gaduidheachta. Níorbh é a chuid ama i bpríosúin a bhí ag cur buaidhreadh air ach an náire saoghalta a fuair sé. Thainic an lá a rabh a chuid ama thuas ins an phríosúin agus fuair sé cead a chinn. Ní rabh mórán iomráidh aige ar nighean an táilliúra san am seo. D'imthigh sé as an tír ar eagla go bhfeicfeadh sé duine ar bith a d'aithneochadh é. Chaith sé an chuid a b'fhearr de shaoghal ar shiubhal. Fá dheireadh mheabhruigh sé go bpillfeadh sé ar na sean fhóide. Thainic sé agus é as aithne. Ins an am seo bhí an fear ruadh agus nighean an tailliúra pósta agus ise na gcomhnuidhe i dteach agus eisean ag obair ar a chonlann féin. Go mall tráthnona thainic an fear bán go dtí an doras aige ag iarraidh oibre agus fuair. Sin an t-am ar chum sé an t-amhrán "Bean an Fhir Ruaidh".Micheal Mac Grianna (Seainín)
Rann na Feirsde
Aois 80 bliadhain- Informant
- Micheal Mac Grianna
- Other names
- Micheal Mac Grianna
- Micheal (Seáinín) Mac Grianna
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal