School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 21

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 21

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 21
  3. XML “Bean an Fhir Rua”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mór aige. Níl fhios agam cé acu feabhas a chuid táilliúrachta ná deiseacht na h-óig mná a bhí a dtarraingt fá'n áit ach cibé sin bhí an táilliúr óg ag fagháil níos mó na a sháith le déanamh. Chuir sé amach fuagra ag iarraidh tuilleadh cuididh. Níor fhada go dtainic sin chuige agus beirt de bhuachaillí cruaidhe gasta a rabh lámh ar an obair acu, buachaill acu ruadh agus an fear eile bán. Bhí an bheirt go dlisteanach? do chéile le beirt dearbhbhracha tamall a chead uair ach níor fhada gur thuit an bheirt i ngrádh leis an óig-mhnaoi agus ar ndóighe ba leor sin leis an carthannas a bhriseadh eatorra. Ba mhaith le achan fear acu smaoiteadh goidé an dóigh a bhfearr leis an fear eile a chur ar shiubhal. Duine soineanta gar choir a bhí san fhear bhán ach bhí a milleadh sin ag an fhear Ruadh. Duine bradach bitheamhanta a bhí ann. Oidhche amháin bhí siad na suidhe thart ag táilliúracht. Nuair a thainic an stad, d'oibir an fear ruadh leis go h-am luighe. Chuaidh an chuid eile de bunadh an toighe a luighe ach d'oibir an fear ruadh leis. Nuair a fuair sé uilig na gcodladh iad thug sé leis duisín de sciana airgid a bhí ag an tsean-bhean agus chuir sé isteach i mála an fir bháin iad. Chuaidh sé i lugihe annsin nuair a bhí an t-olc déanta aige. Níor bhfada gur chothnuigh bean a toige na sciana ach níor leig sí dadaidh uirthi. Chuartaigh sí ceithre coirneal an toighe ach ní rabh fagháil ortha. Thug sí...
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheal Mac Grianna
    Other names
    Micheal Mac Grianna
    Micheal (Seáinín) Mac Grianna
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal