School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 159

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 159

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 159
  3. XML “Seanchainteanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an Mhaighdean Mhuire amach trí bolgamacha fola le gach fead.
    19. An fear atá i gcionn turais ar maidin agus bean ruadh a chastail air gur cheart dó pilleadh mar nach n-eirigheann a thuras leis.
    20.Má tharraingtear fuil ag soitheach an uisce coisrioca i dteach an phobail deirtear nach bhfuil sé ceadmhach ag an tsagart níos mó uisce coisrioca a dhéanamh go cionn bliadhna.
    21.Ó tháinig an urnaighe an 'Salbhe Regina' isteach nach bhfacthas an taibhse ó shoin.
    22. Dá mbeithea ag ól bainne agus an soitheach tuitim as do láimh deirtear go raibh an bainne sin a dhith ar na daoine beaga.
    23.Má theidheann duine ar thuras, é dearmad a dhéanamh agus air pilleadh airíst ba cheart dó suidhe síos sula bhfágfadh sé an teach an dara h-uair.
    24.Maide briste a chaitheamh indiaidh duine a bheadh ag gabhail ar thuras le ádh a chur air.
    25.Dhá spunóg i gcupa sin comhartha bainfheise.
    26. Má bhléascann an teinidh ort agus tú seileóg a chaitheamh i n-eadán na ndrithleóg sin comhartha go bhfuighidh tú airgead.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish