School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 147
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ó leathanach 148
71. Tá sé míle ar fhad agus comh cruinn le do cheann.
(Ceairtlin snáth)72.D'amharc mé síos an gleann agus chonnaic mé an t-amharc beag deas. Mná uaisle, clócaí dearga agus clócaí glasa.
( Na míoltógaí)73.Tá sé comh dubh leis an tsúithche, comh dearg le fuil agus comh glas leis an fhéar.
(Sméar dubh)74.Caidé a tchídh fear na leath-shúile nach bhfeiceann fear an dá shúil?
( Tchídh fear na leath-shúile dhá shúil agus ní fheiceann fear an dá shúil ach leath-shúil)75.Codlann sé sa lá ach ní chodlann sé san oidhche.
( Lampa)76.Cé acu gé dubh nó gé bán an ganndal?
( Ní ceachtar acu é)77. Teidheann sé anonn agus anall ar an uisce agus ní bhuaileann sé an t-uisce.
( Gé agus ubh aici)78.Teidheann sé thart ar an teach agus fágann sé ubh ag gach coirnéal.
( Cloch sneachta)79.An méid a chaitheann sé san lá codlann sé ann san oidhche.
( An teine)
Féach - 146(continues on next page)