School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 145
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ó leathanach 146
87. Triúr chlainn Chonaill Chraobhaigh
chuaidh a' bhaint sugh craoibh maidin cheóidh,
An méid a bhain siad chaith siad uatha é
Is an méid nár bhain siad thug siad leo é.
( Féasóg)88.Bíonn sé i gcomhnuidhe ag rith
Is ní shiubhlann sé am ar bith.
( Abhainn)89.Téidheann sé anonn an t-uisce is tarann sé anall an t-uisce agus ní bhualann sé an t-uisce.
( Fear i gcurrach) 90.Cá chuige a dteidheann cearc trasna an bhealaigh mhóir?
( Fá choinne ghabháil go dtí an taobh eile)91.An té a ghnidheas é ní chaitheann sé é
Is an té a chaitheann é ní fheiceann sé é,
( Comhnáir)92.Caidé is aoirde ná na crainn agus is ísle ná'n fhairrge?
( Tá na Flaitheas níos aoirde agus Ifrionn níos ísle)93.Má theidheann tú choidhche go Billí na mbeann
Ith do chuid sula dtéidh tú ann
Teach mór fada is a thóin le binn
Stupa de chailín 'na comhnuidhe ann.
( Muc)94.Stucaire beag ó theach go teach.
Is luigheann sé amuigh sa n-oidhche.
( Camhsa)
Féach 144(continues on next page)