School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 144
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ó leathanach 145
95. Tá sé comh bán le bainne
Tá sé comh glas le féar
Tá sé comh dearg le rós
Is tá sé comh dubh leis an tsúithche.
( Sméar dubh)96.Gearann sé an sliabh is ní chanann sé.
( Sleaghan)97.Fionnadh amuigh, fionnadh istigh
Fionnadh uilig is gan craiceann ar bith.
( Stoca)98. Chonnaic asal cruach choirce ar oileán lá agus ba mhaith léithe fagháil fhad leis, caidé mar fuair sí fhad leis an oileán?
( Thug sí suas)99.Caidé a dubhairt an bhean nuair a bhí sí ag cainnt isteach sa bhairrle?
( Dá mbeitheá ar an taobh eile chluinfeá í )100.Bó mhór dhubh 'gabhail síos 'na trágha, a ruball a druim agus bhí sí ag aoibheall.
( Currach)101. Teidheann sí amach idir dhá adhmad agus tig sí isteach idir dhá uisce.
( Bean agus dhá stópa uisce léithe)102.Goidé a tchím chugam ach failleagáin na gréine, fear an chóta dheirg is snáithe dearg ina léinidh.
( Tuar cheatha)
Féach - 143(continues on next page)