School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 140
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ó leathanach 141126. Goidé atá ag briseadh a chroidhe achan lá?
( An fhairrge mhór)127.Cé an fear ar an bhaile a chaitheas an hata is mó?
( An fear is mó a bhfuil cloigeann air)128.Capall dubh ar an tráigh agus dá rachfá fá ghiota dó rachadh sé seacht míle ó bhaile.
( Crotach)129. Fásann sé sa choillidh, seinneann sé ar an bhaile mhór agus saothruigheann sé cuid mhór airgid dá mhaighistir.
( Fideal)130. Cad chuige a bhfuil abhainn fallsa?
( Mar ní eirigheann sí as a leaba)131. Caidé an droichead nach deachaidh duine trasna ariamh air?
( Droichead an ghaothsáin)132. Caidé an dóigh a bhfuil buidéal uisce beatha cosamhail le Éirinn?
(Tá corc i mbuidéal uisce beatha is tá corc in Éirinn) 133. Thiocfadh leis theacht isteach ar pholl na h-Eochrach.
( Taibhse)134.Cá mhéad gob a bhuaileas cearc ar an urlár fhad agus atá sí ag ithe naoi ngráinín coirce?
( Gob amháin)