School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 14

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 14

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 14
  3. XML “Eachtra Aodh Bháin agus Shéamuis Cróin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an bhás. Tháinic Aodh agus Séamus amach as an oilean gor Gort na Saighead. Rinn siad bothóg annsin agus chuaidh siad i bhfolach innti. Chuaidh Aodh amach a bhaint dúileisc ar Thráigh na Cruite agus éideadh mná boichte air. Bhí seachtar de na saighdiúirí a bhí i gCaislean na dTuatha ag amharc an rabh duine ar bith beo. Scaoil Aodh iad agus mharbhuigh sé iad. Nuair a chualaidh Séamus Crón an chéad urchar dubhairt sé "Sin ceann amháin na luighe". Chunntas sé seacht n-urchar agus dubhairt sé go raibh seachtar na luighe. B'fhíor dó. Thuit an seachtmhadh fear fá chupla slat de bhun bealaigh mhór Chinn Caslaigh ag Oilean na gCónrach. Bhain siad na h-airm de na marbhanaigh agus chruinnigh leo iad go dtí a mbothóg féin. "Tiocfaidh cuartú ar na fir seo i márach" arsa Séamus Crón, ach rachaidh muidinne ina n-airicis. Shín leo ar maidin lá ar mhárach go raibh siad thoir ag Tráigh na n-Áirde agus chonnaic siad chuca annsin sacifte saighdiúir agus ?? é fhéin ag a gceann. Ghléad siad feadarnach annsin agus d'fhán leis na saighdiuirí. Scaoil Aodh Bán agus leag sé Cuinicim?? leis an chead urchar. Níor imthigh aon fear dá rabh sa scaifte ortha ach fear amháin. "Tá críoch ar na gnaithí anois ar scor ar bith" arsa Aodh Bán. "Bainfidh fear an bheithidigh sin an caislean amach agus cuirfidh sé iomlán ár ndiaidh". Bíodh uchtach agat go fóill" arsa Séamus Crón. "Níor shroith sé an caisleán go fóill". Leig sé é féin 'un rása na diaidh agus bhí sé ag buadhachtail ar an mharach go bhfuair sé suas...
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Niall Ó Domhnaill
    Other names
    Niall Ó Domhnaill
    Niall (Séimisín) Ó Domhnaill (local name)
    Gender
    Male
    Age
    82
    Address
    Doire na Mainséar, Co. Donegal