School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 138

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 138

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 138
  3. XML “Seanfhocail agus Seanráite”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    120. Na bíodh do theangaidh in do phluc agat
    121. Na tóg mé go dtuitidh mé
    122. Má thógann tú mise is doiligh mo leagaint
    123. Tá cead ag an each amharc ar an ríogh
    124. Is teann gach madadh ar a dhoras féin
    125. Bás na bpísín agus galar na gcat chugat
    126. Luighe gan éirghe chugat
    127. Bás na hÁoine agus adhlacadh an Domhnaigh
    128. Athchuinge an scadáin: gan a bholg a chur leis an teinidh; gan é crochadh ar lorg a rubaill; gan an ceann na an cnámh ná an bolg smáth aithe
    129. Is mó a thoirt na a thairbhe
    130.Cé thug pláta duit-se le lighe
    131. Ní mhilleann déagh ghlór fiacail
    132. Is fearr suidhe ar a scáth na suidhe ar bhlár follamh
    133. Lasacht na n-iasacht
    134.As an tuban a bhlightear an bhó
    135. Is fuide é na an láimh
    136. As a chéile a thógtar na caisleáin
    137. An té chuireas 'sé bhaineas
    138. Tús maith leath na h-oibre
    139. Chár fhág sé cloch gan tionntughadh
    140. Congbhuigh le do láimh
    141. Bíodh rud beag agat fhéin ná bí follamh
    142. Bíonn leacacha toigh mhóir sleamhain
    143. Níl aige ach ó'n láimh go dtí an béal
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish