School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 130

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 130

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 130
  3. XML “Iníonacha Rí an Domhain Thiar agus Mic Rí an Domhain Thoir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fhios aige a dhath ar maidin.
    Bhí scaifte mór fear marbh ag an rígh. Fá dheireadh thuit an crann ar bhuachaill óg as an áit agus bhí an créatúr i ndroch arán. Chuaidh sé chuig Cailleach na gCearc a iarraidh comhairle uirthi. Bhí truaighe mhór aici-se dó. Thug sí clocha dearg dó agus dubhairt sí leis nuair a chuirfeadh sé air é nach bhfeicfeadh neach beo ar an tsaoghal é.
    "Anois" arsa Cailleach na gCearc, "nuair a thiocfas an cailín is sine chugat le deoch fhíona ná h-ól é ach caith siar in do mhuinchille é"
    D'imthigh an fear bocht go caisleán an ríogh agus é crith-eaglach go leor. Chuir an rí 'un tseomra é. Ní rabh sé i bhfad annsin go dtainic an bhean ba sine de na cailíní chuige le gloinne fíona. Fuair sé greim ar ghloinne an fhíona agus chaith sé siar in a mhuinchille é. Annsin luigh sé siar agus leig sé air go rabh sé na chodhladh.
    Rinn na cailíní réidh annsin agus chuir siad ortha an t-éadach agus na bróga a ba deise agus a b'fhearr dá rabh acu. Thóg an bhean a ba sine leac a bhí faoin teinidh. Síos léithe agus lean an scaifte eile í, síos an staighre mór iarainn. D'éirigh an fear bocht as a leabaidh agus lean sé iad. Chuaidh siad fríd choillidh óir agus airgid. Bhain an fear brainnse de'n ór agus brainnse
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0306: The Danced‑out Shoes
    Language
    Irish
    Informant
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    90
    Address
    Loch na nDeorán, Co. Donegal