School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a fágáil annsin nach mbéadh sí acu ach oidhche amháin. Fá dheireadh dubhairt sé go dtiocfadh léithe fanacht go maidin.
An maidin d'éirigh an bhean bhocht go luath agus d'imthigh sí léithe. Dubhairt sí in a h-intinn fhéin nach bpósfadh sí an búistéar. An dara h-oidhche chuir sí uirthi éideadh na mná boichte arais agus d'imthigh sí a chruinniughadh. Chuaidh sí go dtí an teach a rabh an gréadaidhe na 'chomhnuidhe ann. Leig bean a' toighe isteach í. Nuair a thainic an gréadaidhe isteach d'fhiafruigh sé carbh' as a dtáinic an bhean bhocht agus cad chuige ar leig sí isteach í. D'iarr bean o' toighe air a fágáil annsin nach mbéadh sí acu ach oidhche amháin. Ach fuair an gréadaidhe greim uirthi agus chaith sé amach í. Dubhairt na h-intinn nach bpósfadh sí an gréadaidhe. Annsin bhain sí an baile amach.
Ag am dinneára an tríomhadh lá chuir sí uirthi éadaidh na mná boichte agus d'imthigh sí ag tarraingt ar theach mhic an fheirmeóra. Bhuail sí ar an boras. Thainic bean a' toighe amach agus chuir cest uirthi caidé a bhí dhíth uirthi. Dubhairt sí go rabh sí ar lorg déirce. Bhí mac an fheirmeora na shuidhe ag an teinidh agus d'iarr sé ar an mnaoi bhoicht theacht aníos agus a goradh a dheanamh. Annsin d'iarr sé ar a mháthair dinneár maith a thabhairt díthe. Fuair sí dinneár agus nuair a bhí sí ag imtheacht dubhairt fear an toighe go rabh sí(continues on next page)- Informant
- Pádraic Ó Dubhthaigh
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Anagaire, Co. Donegal