Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhaile annsin agus níor ghoid sé a dhath an oidhche sin.
An chead domhnach na dhiaidh sin chuaidh sé ‘un aifrinn. Nuair a chuaidh sé isteach bhí cuid mhór daoine istoigh agus bhí an sagart ag léigheadh an aifrinn. Bhain sé de a chóta agus chaith sé ar ghath gréine é agus d’fhan an cótai thuas. Thainic fear eile isteach agus rinn sé an cleas céadna ach thuit a chóta-san anuas. Nuair a chonnaic an sagart seo bhí iongantas mór air. Scairt sé agus d’iarr sé ar an fhear ar fhan a chóta mór ar an ghath gréine, é fanacht istigh indiaidh an aifrinn ná go rabh gnoithe aige leis.
Nuair a d’imthigh na daoine indiaidh an aifrinn d’fhan an bacach istigh agus thainic an sagart chuige. Dubhairt sé leis bhacach gur fear iongantach naomhtha a bhí ann agus go gcaithfeadh sé fanacht anois agus cuideadh leisean an creideamh a theagasc. Dubhairt an bacach go rabh aige le aire a thabhairt do na athair agus do na mháthair ach gheall sé dó go rachadh sé chuige nuair a gheobhadh an tsean lánamhain bás.
Bhog sé leis na bhaile annsin agus é go bréagh sásta. Ní dhearn sé níos mó gaduidheachta agus chuir Dia a sháith aige. Annsin bhí dóigh bhréagh ortha ó’n lá sin go lá a mbáis.- Faisnéiseoir
- Séarlus Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Anagaire, Co. Donegal