School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 117

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 117

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 117
  3. XML “Buachaill an tSléibhe Rua”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leis fhéin. Shiubhail sé leis fá deifre mhór. Chuaidh sé isteach go teach an phobail, chuaidh seisean isteach na ndiaidh. Bhí maidin chiúin theith ann agus an ghrian ag soillsiughadh isteach ar na fuinneógaí. Chaith sé a chóta mór ar an ghach gréine agus chongbhuigh an gach gréine suas é. D’éist sé an t-aifreann mar dhuine. Nuair a bhí an t-aifreann thart thug sé a aghaidh baile amach. Chuir a mhuinntir ceist air cá rabh sé ná shíl siad go rabh sé caillte. Dubhairt sé go rabh sé ag ‘an aifreann agus le cuideadh Dé go mbéadh sé ann achan ndomhnach ó sin amach.
    An dara domhnach d’éirigh sé le h-éirghe na gréine. Rinn sé réidh agus d’imthigh sé ag tarraingt ar theach an phobail. Nuair a tháinic sé na bhealaigh mhóir bhí na daoine uilig ar shiubhal ach corr dhuine. Shiubhail sé leis fá dheifre. Níorbh’ fhada gur chualaidh sé callán mór. Sheasuigh sé [as]? caidé a bhí ann ach beirt bhan ag mallachtaigh ar a chéile. Bhí sí na sheasamh ag éisteacht leo go rabh siad tursach ag mallachtaigh. Annsin smaoitigh sé go mbéadh sé mall ag an aifreann agus bhog sé leis fá dheifre mhór. Nuair a chuaidh sé isteach bhí teach an phobail lán agus bhí an t-aifreann chomhair thart. Chaith sé a chóta ar an ghach gréine ach thuig sí go talamh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0756A: The Self‑righteous Hermit
    AT0759B: Holy Man Has his own Mass
    Language
    Irish
    Informant
    Róise Ní Dubhthaigh
    Gender
    Female
    Age
    82
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal