Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Séarlud bocht éirighe fosta agus gan leath a sháith ite aige. Theidheadh sé na bhaile ar cuairt anois agus aríst agus bhí aige le ghabhail thar abhainn a bhí at an bhealach. Bhí ceasaigh ar an abhainn ach bhí cor-bhealaigh mór go dtí í agus is minic nach ndéanfadh Searlus a dhath ach léim na h-abhna a thabhairt. Ach dheamhan i bhfad a bhí sé i ndíoghbhail an bídh go gcaithfeadh sé cor bealaigh a chur air féin go dtí an cheasaigh.
Thug a chomrádaidhe seo fá deara agus lá amháin chuaidh sé 'un cómhráidh leis fá dtaoibh de. D'fhiafruigh sé goidé ba chiall dó nach rabh sé abalta léim na h-abhna a thabhairt anois. Leis an sgéal fada dheanamh goirid d'innis sé an sgéal dó ó thús go deireadh fá gnaithe an bhídh. "Bhál" ars' an comradaidhe, "beirfidh mise cuairt ar an tseanduine sin agus ma's féidir múineadh a chur air múinfidh mise é".
An tráthnóna sin idir dall agus dorchadas rinn sé réidh agus tharraing ar an teach. "Dia anseo" ar seisean. "Diad is Muire duit" ars' an tseanbhean mar ní rabh istigh ach í. "Gabh aníos agus suidh" ar sise, ó b'annamh leat a theacht. "An rud a bíos annamh bíonn sé iongantach" ar seisean.
"An bhfuil leat sgéal nuaidh ar bith" ar sise. "Nil morán" ar seisean "ach go bhfuil bhur ngáir fhad as nach dtéidh bhur dá gcois" mar nach dtearn sibh bainfheis ná dál le linn an phósta.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Anna Ní Muireachaig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 25
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal