School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 87

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 87

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 87
  3. XML “Iascaire Bocht na hÉireann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fhéin agus thug leithe isteach é go Caislean an Uaignis. Bhí buaidhreadh mór ar a athair fá dtaoibh de seo agus d’imthigh sé chuig cailleach na gcearc agus d’innis an scéal dithe.
    “Bhal”, arsa cailleach na gcearc, “Tá sé istigh agus béidh sé istigh go dtabhairidh tusa amach é”. “Caidé dheanfas mé?” ar’ seisean leithe.
    “Gheobhaidh tú túirne óir fearsaid airgid, agus cuachóg síoda”, ar’ sise, “agus rachaidh tú síos ‘n-a fairrge agus toiseochaidh tú a shníomh i mbeál an chead tuinn líonta. Ní fada a bhéas tú annsin ná go dtarraidh an cailín ruadh chugat agus cuirfidh sí ceist ort caidé luach do thúirne óir. Deirfidh tusa gur mac iascaire bocht na hÉireann a thabhairt go dtí a dhá ghualainn san fhairrge. Agus deanfaidh sí sin ar chontabhairt an túirne óir a fgághail. Cuirfidh sí ceist annsin ort caidé luach do fhearsaid airgid. Abair thusa leithe mac iascaire bocht na hÉireann a thabhairt go dtí ‘n-a dhá ghlún san fhairrge. Agus dheanfaidh sí sin ach an fhearsaid a fhághail. Cuirfidh sí ceist annsin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    Language
    Irish
    Collector
    Anna Ní Chrosáin
    Gender
    Female
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Informant
    Gráinne Ní Grianna
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Age
    79
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal