School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 58
- XML “Murchadh Buí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Rinn an gasúr mar h-iarradh air. Nuair a bhí an biadh caithte aca, tharraing an sean-dhuine amach buideal uisce bheatha as faoi n-a cheann, thug deoch de’n ghasúr agus d’ól sé féin glincín fosta.
“Anois”, ar’ seisean leis an ghasúr, amharc sa chlúdaigh an bhfuil mo bata ann”.
Fuair an gasúr an bata agus d’fhág taobh tiar do-san sa leabaidh é.
“Anois, a ghasúir”, ar’ seisean, is fearr duit-se ghabhail a chodladh. Caithfidh mise bás a fhághail araist. Is goirid go mbéidh sí annso agus an t-óganach leithe, agus tcídhfidh tusa cuideachta roimh mhaidín”.
Luigh an sean-dhuine siar sa leabaidh arís mar béadh mharbhanach ann. Luigh an gasur sa chlúdaigh agus leig sé air fhéin go raibh sé ‘n-a chodladh. Níor bhfada go dtáinic an péire agus cuma bhreagh ortha. Bhí fear an toighe marbh, an gasúr ‘n-a chodladh agus an teach faobhtha fhéin
Bhí stól shuas le taoibh na leabtha, shuidh(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Gallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal