School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 235
- XML “An Tarbh Beag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)choinne í a shlugaint nuair a tháinic an gasúr ‘un tosaigh. Thoisigh an troid eatorra, chaith an gasúr na h-iallacha uirri ach bhris sí iad. Chaith an gasúr na h-iallacha ath-uair agus cé bith dóigh a deachaidh siad i bhfasta fán chloigean uirri marbhuigheadh í. Bhí áthas agus lúthghair ar gach duine dá raibh sa chruinniughadh mhór sin nuair a chonnaic siad an gníomh éifeachtach a bhí deanta ag an gasúr - an phéist marbh agus an ghiorsach sábhailte.
Thoisigh an gasúr annsin a scabadh an óir agus an airgid ‘na chrága fríd na daoine ionnas go bhfuigheadh sé caoi ar imtheacht uatha. Thoisigh na daoiní a chruinniughadh an airgid agus shaoil an gasúr go raibh leis, go n-imtheachath sé i nganfhios ach bhí an rí ró-athchomair aige, ná sciob sé ceann de na bróga de nuair a bhí sé ag imtheacht.
Thiomáin an gasúr leis ar a shocair shuaimhneas go raibh sé sa coillidh, chuir an beathadhach isteach sa stábla, chuaidh isteach ‘n-a chaisleain, chaith de culaidh an fháthaigh agus chuir air a chuid sean-(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac Páidín
- Gender
- Male
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Proinnsias Mac Pháidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 42
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal