School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 233

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 233

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 233
  3. XML “An Tarbh Beag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    lá eile ann, agus d’imthigh sí as amharc fan ‘n uisce.
    Thoisigh an gasúr a scabadh airgid fríd na daoine mar rinn sé an chéad lá agus thoisigh na daoine a phiocadh suas an airgid agus d’imthigh an gasúr i ngan fhios daoibhthe. Thiomáin leis go dtáinic go dtí an choillidh, chuir an beathadhach ‘un stábla, chuaidh isteach ‘n-a chaisleain, chaith de chulaidh an fháthaigh agus chuir air a chuid sean bhratógaí fhéin. Chuaidh sé annsin ar lorg a chuid eallaigh, thiomain ‘n-a bhaile iad, agus cheangail isteach ‘n-a bhaithigh iad.
    Thug sé iarraidh ar an chistinigh annsin, go bhfuigheadh sé greim le h-ithe agus casadh fear an toighe air annsin. Chuir an gasúr ceist air ar ith an phéist inghean an ríogh agus dubhairt an fear nar ith, ná go dtáinic an fear céadna an lá sin arais, go dteachaidh sé a throid leis an phéist ach nar mharbhuigh sé í, ach go dtug sé a sáith dithe, go raibh sé ag marcaidheacht ar bheathadhach bán agus nuair a bhí sé ag imtheacht gur thoisigh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraic Mac Páidín
    Gender
    Male
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Informant
    Proinnsias Mac Pháidín
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    42
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal