School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 231
- XML “An Tarbh Beag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sa stábla, bhain de cuid éadaigh an fháthaigh agus chuir air a chuid sean éadaigh fhéin.
An oidhche sin, indiaidh an gasúr an t-eallach a chur ‘un toighe, casadh é fhéin agus a mháighistir ar a chéile sa chistinigh agus d’fhiafruigh an gasúr an raibh lá mór aca. Dubhairt an fear nach dtiocfadh leis a innse i gceart, ach go dtáinic fear iongantach, go deachaidh sé a throid leis an phéist, go raibh sé ró-thiugh aici, agus gur dubhairt an phéist go mbéadh lá eile ann; gur léim an fear óg ar a bheathadhach annsin agus nuair a bhí sé ag imteacht, gur thoisigh sé a chathadh óir agus airgid fríd na daoine.
“An bhfuair tú a dath de?”, ars’ an gasúr. “Fuair”, ars’, an fear, “bhí an t-adh orm,” ag tarraingt amach a sparain agus ag taisbeaint do’n ghasúr agus do n-a mhnaoi an mhéid de’n ór agus de’n airgead a fuair sé. Bhí lúthghair mhór ar a mhnaoi cionnus gur chruinnigh sé an t-airgead.
Ar maidín lá thar na bharach, d’imthigh an fear arais go bhfeicfeadh se an troid agus chuaidh an(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac Páidín
- Gender
- Male
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Proinnsias Mac Pháidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 42
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal