School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 229
- XML “An Tarbh Beag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus chuir isteach iad. Agus má bhí bainne aca an dá oidhche eile bhí a trí oiread aca an oidhche sin.
Chuir an gasúr eagar ar gach rud fá’n bhoitheach, chuaidh ‘un toighe, fuair a suipear agus shuidh sé fhéin agus fear an toighe tamall ag comhrádh ag cladach na teineadh.
“Ar chualaidh tú”, ars’ an fear fá dheireadh, “go bhfuil inghean Ríogh le hithe ag péist mhór amarach agus má tá fear ar bith ábalta í a shábhail gheobhaidh sé í le pósadh”.
Dubhairt an fear go raibh sé fhéin ag gabhail a amharc ar an troid agus d’iarr an gasúr cead é fhéin a leigint fósta ach ní bhfuair sé an cead mar bhí an t-eallach le coimead aige. Chuaidh an gasúr amarch a bhuachailleacht ar maidin lae na troda agus smaointigh sé go rachadh sé a amharc ar an troid gan chead gan chomhairle.
Chuir sé an t-eallach isteach sa choillidh an áit a raibh ingeilt mhaith fá na gcoinne. Chuaidh sé isteach sa chaislean annsin agus chóirigh é fhéin i n-éadach fáthaigh. Líon sé a phócaí le ór agus(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac Páidín
- Gender
- Male
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Proinnsias Mac Pháidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 42
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal