School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fheiceail. D’iarr a mháthair ar Seaghan a ghabhail amach agus na crainn a leagaint. Chuaidh sé amach agus leag sé beirt aca agus d’fhág sé an ceann eile ‘n-a sheasamh.
Chuir a mháthair ceist air cad tuighe nár leag sé an tríomhadh ceann agus dubhairt sé go raibh sé ag gabhail suas an crann go bhfeicfeadh sé an raibh bárr air. D’imthigh sé leis suas an crann gan stad a deanamh ach corr uair le n-a scriste a leigint. Bhí sé ag éirghe iongantach tursach agus bhí ocras ag teacht air.
Ag deireadh an lae fuair sé é fhéin istigh i dtír eile. Bhí sé ag siubhal leis agus gan fhios aige cá raibh sé ag gabhail. Bhí sé ag gabhail a philleadh nuair a chonnaic sé sean-bhean ag tarraingt air.
“Míle fáilte romhat ‘n-a háite seo, a Seaghain Fhallsa”, ar’ sise.
“Caidé mar tá aithne agat orm-sa?” arsa Seaghan, “ná seo mo chead chuairt ‘n-a tíre seo”.
“Tá ‘s agam ‘acha’n rud fá dtaoibh duit”, ar’(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Dubhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Anagaire, Co. Donegal
- Informant
- Gráinne Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- Anagaire, Co. Donegal