School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 203
- XML “Beirt Iníonach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a bhaint na sméar agus ní raibh i bhfad go raibh an soitheach a bhí leithe lán aici. Thug sí buidheachas do na fir bheaga agus d'imigh sí leithe 'n-a bhaile.
Nuair a d'imigh sí chuir fear aca ceist caidé an pronntanas a bhearfadh siad dithe. Dubhairt an chead fhear, gur b'é an pronntanas a bhearfadh seisean dithe í a bheith níos doigheamhla indiu ná bhí sí indé. Dubhairt an dara fear, í a bheith pósta ar an fhear a ba saidhbire ar an domhan. Dubhairt an tríomhadh fear, saoghal fada sona a bheith aici, agus gan tinneas ar bith uirri fhad agus bheadh sí beo.
Shroich sí an baile agus na sméara dubha leithe agus chonnaic an leas-mháthair go raibh sí níos dóigheamhla agus teacht dithe ná bhí sí ag imhteacht dithe agus i gcionn tamaill smaointigh sí go gcuirfeadh sí a inghean féin ar siubhal a chruinniughadh sméar agus go mb'fheirir go n-éireóchadh sí dóigheamhail fosta. Chuir sí culaidh mhaith bhainín uirri, thug giota mór aráin dithe agus d'imigh sí leithe.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Anagaire, Co. Donegal
- Informant
- Róise Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Age
- 62
- Address
- Anagaire, Co. Donegal