School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 191
- XML “An Gadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mullach an bhalla bhig a chuartughadh coinnle. Tháinic sean-bhean orm annsin agus péire cárdaí aici. Tharraing sí na cárdaí anuas ar mo aghaidh agus scríob sí mé agus thuit mé ar shlait chúl mo cinn ar an urlár. Bhí diabhal eile annsin agus bhain sé lán a chraois as mo lairg. Chaith sé síos chuig diabhal eile mé a raibh dhá adhairc air. Pholl sé sin le n-a chuid adharc mé agus chaith sé síos go bun an urláir mé. Bhí diabhal eile annsin agus chaith sé suas arais mé.
"Bhí diabhal eile suas ar an fharradh agus bhí sé ag scairtigh, 'Caith aníos chugam-sa é go bpiocfaidh mé na súla as'. Fuair mé an doras a bhaint amach fá dheireadh ach nuair a bhí mé ag gabhail amach bhí diabhal eile annsin agus thug sé cic damh. Sa deireadh fuair mé mé fhéin ar an taoibh amuigh de'n doras agus níos mo deifre orm ag teacht amach ná bhí orm ag gabhail isteach.
"Nuair a bhí mé ag gabhail thart leis an chruaich tháinic gréasaidhe bróg orm. Fuair sé(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac Páidín
- Gender
- Male
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Prionnsias Mac Páidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal