School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 181
- XML “An Gadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lá sin. D'fhoscail sé an uaigh agus thóg sé aníos an corp. Nuair a bhí sin deanta aige, ghread leis go teach an duine uasail agus an corp leis. Chuaidh sé suas i mullach an toighe le dréimire agus leig sé an corp síos an simlear le rópa.
An oidhche sin ag gabhail a luighe do'n duine uasal, thug se leis an gunna agus lódail sé é. Bhí fhios aige annsin dá dtiocfadh Billí anuas an simlear go mbéadh an gunna ag a thaoibh agus go scaoilfeadh sé é.
Leig Billí an corp síos an simlear go faithcheallach agus nuair a chonnaic an fear an corp shaoil sé gur Billí a bhí ann agus scaoil sé an t-urchar. Go luath agus chualaidh Billí an t-urchar ag imtheacht leig sé do'n corp tuitim ar an urlár.
Dubhairt an fear annsin le n-a mhnaoi go gcaithfeadh sé ghabhail amach agus an corp a chur i n-áit chúlta éiginteacht ach go gcaithfeadh sé leigint do fuaradh ar tús. Thuit se 'n-a chodladh araist.(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac Páidín
- Gender
- Male
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Prionnsias Mac Páidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal