Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 165

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 165

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 165
  3. XML “Pictiúr na Luchóige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go mb’éigean damh a trom fein óir a thabhairt uirri”.
    “Is cuma liom-sa caidé an t-ór a thug tú uirri”, ars’ an captaoin, “ach cuirfidh mise mo shoitheach agus mo losta leath go mbéidh mise ag do mnaoi go maidín má fhanann tusa annso ar bórd.
    Dubhairt an buachaill go gcuirfeadh seisean a theach agus a dhúithche leis nach mbéadh.
    “Bal”, ars’ an captaoin, “fan thusa annso agus rachaidh mise chuig do mhnaoi agus béidh comhartha éighinteacht liom chugat ar maidín le taisbeaint [diuit]? go raibh mé aici ó oidhche”
    D’imthigh an captaoin leis ag tarraingt ar theach na mná seo ach ní raibh fhios aige faoi an aer caidé mar gheobhadh sé an oidhche a chathadh ann a cuideachta leis na gealltaí a bhaint.
    Ach caidé casadh air ach sean-bhean agus í ag caoineadh. Chuir sé ceist uirri caidé bhain dithe agus dubhairt sí leis go raibh báiligh an tíghearna i ndiaidh a bó a thabhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0882: The Wager on the Wife's Chastity
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraic Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Proinnsias Mac Pháidín
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    41
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Donegal