School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 14
- XML “Seanráite (Seanfhocail)”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)185. Deirce, a chuid fhéin do'n amadán
186. Dá gcaithfinn-se mo bhríste sa ghríosaidh sa (ed. agus a) ndóghadh caidé sin dó'n té sin nach mbaineann sin do
187. Deireadh gach cuirme, a cháineadh; deireadh gach sláinte, osna; diereadh gach síon, sioc; deireadh gach long, báthadh
188. Dearc chugat mar dhearcas tú uaid
189. Dhá thrian cuidigh, toiseacht
190. Duine sona so-chomhairleach; duine dona do-chomhairleach
191. Deanann béal dúnta aighneas
192. D'aithneóchainn an chloch a bhfuil an fheamnach uirri
193. Deirfeá gur bó bhainne ar adhairc a fuair sé
194. Dhá thrian cuidigh uchtach
195. "Dara achan lá ó mo lá-sa amach" arsa Bríghid; "achan lá ó mo lá-sa amach" arsa Pádraic
196. Dearbhrathair de'n bhás an codladh
197. Dearbhrathair de'n t-sac an mála(continues on next page)