Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dubhairt sé go gcaithfeadh seisean a bheith ag imtheacht arais. Thug sé eochair dithe agus d'fhoscalochadh an eochair seo gach seomra anns an chaislean ach seomra amháin agus thug sé uirri geallstan nach rachadh sí isteach anns an t-seomra sin.
An lá na dhiaidh sin, le breacadh an lae, d'imthigh an fear draoidheachta agus d'fhág sé an cailín leithe féin. Bhí móran daoine ar seirbhis aige agus ní raibh gach ar bith le deanamh ag an chailín. Bhí sí ar siubhal fríd na seomraí uilig ag amharc ar na pictiúireacha deasa ar feadh trí lá agus bhí sí ag coimead an ghéill go maith.
An tríomhadh lá bhain sí an glas den doras agus nuair a chonnaic sí na cailíní 'n-a luighe marbh ar an urlár scannraigh sí agus thuit an eochair as a láimh isteach san fhuil. Thóg sí í, ghlan í, ach bhí marc amháin uirri agus ní raibh sí ábalta an marc sin a ghlanadh.
Nuair a tháinic an fear draoidheachta(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Anagaire, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Séarlus Ó Dubhthaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Anagaire, Co. Donegal