School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 129
- XML “Triúr Mac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)theinidh agus thug gorradh chúl cos do fhéin. Thug an t-sean-chailleach trí ribe le n-a chonairt a cheangal shíos i gcionn an toighe. Bheir sé ar an chonairt agus cheangal sé iad mar hórdughadh do.
D'éirigh an t-sean-chailleach annsin agus rinn sí réidh snathadh tae do. Bhí 'acha'n chineal bídh ar an tábla.
Shuidh sé síos 'un bídh agus nuair a bhi sé ag gabhail a ithe tháinic cat mór dubh isteach agus dhá ruball air, léim sé suas ar an tábla agus chaith sé a raibh de bhiadh air anuas i lár an urláir. D'éirigh an fear óg ó'n tábla agus dubhairt sé nach leigfeadh sé leis é. Thoisigh an troid eadar an bheirt agus bhuail an cat an buachaill agus mharbhuigh sé é.
Annsin thug an t-sean-chailleach leithe an t-slat draoidheachta a bhí aici, bhuail sí an corp a bhí n-a luighe i lár an urláir agus rinn sí carraic cloiche de agus chaith sí sa coirneal é i gcuideachta a dhearbhrathara.(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Domhnall
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal