School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 127
- XML “Triúr Mac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tháinic cat mór dubh isteach agus dhá ruball air. Thug sé léim suas ar an tábla agus chaith sé a raibh de bhiadh annsin anuas i lár an toighe (urláir.)
D'éirigh an fear agus dubhairt sé nach leigfeadh sé sin leis. Thoisigh an bheirt aca a throid ó cheann go ceann an toighe agus fá dheireadh bhuail an cat é agus mharbhuigh sé é. Go luath agus d'fhág an anál é thug an t-sean-chailleach leithe slat-draoidheachta agus rinn sí cnapán cloiche de corp an bhuachalla i lár an urláir.
Bhí an mhuinntir a d'fhág sé 'n-a dhiaidh sa bhaile ag éirighe imnidheach ná níor chualaidh siad iomrádh ar bith ar an bhuachaill ó d'fhág sé an baile.
I gcionn tamaill dubhairt an darna mac go raibh seisean ag imteacht go bhfeicfeadh sé an gcluinfeadh sé iomrádh ar bith ar a dhearbhrathair. D'iarr sé ar a mháthair lon bídh a dheanamh réidh do. Rinn sí dhá thuirtín réidh, tuirtín beag agus tuirtín mór.(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Domhnall
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal