School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 108
- XML “Iníon Rí Chnoc an Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Rinn sé réidh shuipear do annsin, “agus cuideadh ar bith a bhéas mise ábalta a thabhairt duit, bheirfidh mé duit é”, ar’ seisean.
Chuaidh sé i gcionn a shuipeara annsin agus nuair a bhí a shuipear deanta aige d’iarr an fathach air a ghabhail i luighe agus go n-amharcóchadh seisean fríd na leabharthaí go maidín. Mhuscail an fathach chuig a bhricfeasta é ar maidín.
“D’amarc me fríd mo chuid leabharthach areir”, ars’ an fathach, “agus ní’l a leithid de éan ann mo chuid leabharthach”, ar’ seisean.
“Má’s mar sin atá”, arsa mac Ríogh na hÉireann, “tá an t-am agam-sa a bheith ag deanamh an bhealaigh goirid.
“Tá tú i n-am go leor”, ars’ an fhathach. “Tá dearbhrathair damh-sa ‘n-a chomhnaidhe trí chéad míle as seo agus tá sé ‘n-a mháighistear ar a bhfuil de éanacha ar an domhan agus mar raibh seisean ábalta eolas a thabhairt duit ní’l a leithid de éan ar an domhan ar chor a’ bith”.
“Ó thárla gur mar sin atá”, arsa mac an Ríogh béidh mise imtheacht”.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Mícheal Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 38
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal