School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 103
- XML “Iníon Rí Chnoc an Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)anns an chathair a ba’ mhó i dTír na Gile.
D’imthigh leobhtha agus níor stad siad go raibh siad i dTír na Gile. Ar shroicaint na tíre sin daobhtha thug inghean Ríogh Chnoc an óir suim mhór airgid do mac Ríogh na hÉireann agus d’iarr air a lóistín a thógailt anns an caislean a ba’ mhó anns an chathair. Thug sí fáinne do agus d’iarr sí air an fáinne a chathadh ann a cuimhne-sin.
Bhí sise ar tí é fhágailt anois agus dubhairt sí leis nach raibh fhios aici cé’n lá a bhéadh sí arais. “Ac”, ar’ sise, “tar annso gach lá ar uair an mheadhon-lae agus nuair a bhéas mise ag teacht tógfaidh mé brat bán agus ní thiocfaidh mé i n-duineacht duit”.
D’imthigh an bheirt arais agus ghlac mac Ríogh na hÉireann lóistín anns an caislean a ba’ mhó anns an chathair mar d’iarr sí air agus nuair a bhí a lóistín socair aige d’fhág sise é.
Chuaidh sé ‘acha’n lá, ar uair an dó dhéag go dtí an áit ar h-órdughadh do. Lá amháin chuaidh sé a chainnt leis an chailín freasdail agus d’innis(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Mícheal Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 38
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal