Scoil: Dubhchoradh

Suíomh:
Doochary, Co. Donegal
Múinteoir:
Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 326

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 326

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhchoradh
  2. XML Leathanach 326
  3. XML “Turas Chonaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    d'fhiafruigh sí daobhtha an rabh a leithid ann nó cá rabh sé. Dúbhairt siad go rabh a leithid de áit ann i n-Doire le Conaill ar bhruach Ghaoth Bearra. D'éirigh sí go moch maidin lá thar na bharach. Níor chuir uirthi bróg na stocaí. Shín léithe trasna na gcnoc ag tarraingt ar Dhoire le Chonaill. Chuaigh sí isteach i dteach. Chuir tuairisg cá h-áit a rabh Turas Chonaill agus caidé an urnaighe a bhí le rádh aicí leis an turas a dhéanamh mar ba chóir. Chuaidh sí fad leis an tobar. Rinne sí an turas. Thóg sí an t-uisge agus d'imithigh léithe ag tarraingt ar an bhaile araíst.
    Nuair a chuaidh sí trasna ar abhainn na Mara sheasaigh sí agus d'amharc sí i na dhiaidh. Smaoinigh sí gur bean amaideach í theacht a leithid fhad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge