School: Dubhchoradh
- Location:
- Doochary, Co. Donegal
- Teacher: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis an diabhal.
Ní raibh Diarmud tugtha do Dhiamhasla ná domionnaibh móra. Suid as nach raibh bean do fhéin aige, níor shanntuigh sé bean a chomharsan. Go deimhin dearbhtha ní raibh sé cionntach i bpeacadh na colna. Níor grádhuigh sé an olachán acht [congh]? beag as ghrádhuigh se an té a dhíol é. Cibé d’ól sé ní raibh sé ariamh ar meisge. Duine fúintach creasta do beadh é, grádh agus eagla Dé in a chroidhe agus cráibheacht mhór dón Mhaighdean Mhuire, Gach maidín i dTheach an phobail ar a ghlúnaibh ós coinne iomhaighe na Maighdine Muire dubhairt sé as ceart lár a chroidhe an urnaighe seo “A Mhaighdeán Bheannuighthe, a Mháthair mo Shlánuightheóra, choineád mé ón an uile smál peacaidh gur toil le Dia an bás do chur chugam. Agus nuair atá mé marbh athchuingin ortsa a Bhainrioghán ghlórmhar solus siórruidhe na Flaithis d’fághail do mó [aidain]? bhocht”.
Tráthnóna amháin le clap-sholas agus an fearthainn ag tuitim go [trou]? bhí Diarmud lubtha, crom faoi mheadhachan an mhála ghlais ag siubhal leis ag(continues on next page)- Collector
- Maighread Bean Mhic Amhlaoidh
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- An tAthair Urramach Criostóir Mac Cuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Occupation
- Sagart