School: Na Cruacha (roll number 14879)

Location:
Na Cruacha, Co. Donegal
Teacher:
Máire C. Ní Chinnéide
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 460

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 460

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cruacha
  2. XML Page 460
  3. XML “Scéal - Na Triúr Iníonacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Thosaigh si ag cuardughadh shlat na draoidheachta ach ní thiocfadh léithe a fhághail. D'imthigh sí gan é sa deireadh.Tháinig si go dtí an reithe agus arsa sise- " an bhfaca tú cailín ar bith ag dul thart annsin le mo wig , wag, le mo rig rag, le mo dhá mhála óir agus airgid" ach thosnuigh an reithe dá bualadh agus thobair nach n-imtheochadh sí beo air. Tháinig sí go dtí an capall bán agus chuir an cheist chéadhna air ach thosnuigh sé ag tabhairt speachanna dí agus thobair go marbheochaidhe í. Annsin tháinig sí godtí an claidhe agus chuir an cheist chéadhna air ach d'éirigh an claidhe chómh h-árd agus nach dtiocfadh léi a dhul thairis. Chuaidh sí abhaile ag caoi agus ag gárthaighil faoi " a wig wag, a rig rag , a dhá mála óir agus airgid !!"
    Bhuail an cailín buille de shlat na draoidheachta ar dhá chloich an t-salainn 7 rinneadh a dhá dheirbhshiuir airís dó. Chuaidh siad abhaile 7 chómhnuigh go socair,sámh ó'n lá sin godtí an lá indiu.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire C. Ní Chinnéide
    Gender
    Female
    Address
    Kilrean, Co. Donegal